2017-12-01

Don té a léifidh é seoI gceann 500 bliain

Conas tá agat?
Is dócha gur tharla go leor athruithe

Ó bhíos-sa thart,
Ach nílimid an-éagsúil lena chéile,

Níl ach buntáiste amháin agat orm –
Tá tusa in ann breathnú siar.

Tá an oiread sin ceisteanna agam le cur ort:
An bhfuil gluaisteáin in ann eitilt anois?

An seasann Mumbai cois farraige i gcónaí?
Conas tá ag éirí libh is gan aon ózón agaibh?

’Bhfuil siad tagtha fós ó phláinéid eile?
Cé de mo linnse a gcuimhnítear air i gcónaí?

Cén fhaid a mhair an India agus an Phacastáin?
Cathain a saoradh an Chaismír?

Caithfidh go gcuireann sé iontas ort
Féachaint siar ar mo linnse.

Caithfidh gur saol an-ait a chaitheamarna,
Ár gcogaí chomh beag sin,

Leithris marcáilte Fir is Mná
Caithfidh gur cúis gháire é sin

Crainn á leagan againn
Á liostú agaibhse i measc na bhFáthanna Bunaidh

Ár gcuid dánta agus an ghealach fós
I gcéin iontu

N’fheadar cad deir sé sin faoin ngealach
Nó faoin bhfilíocht.

Caithfidh go bhfuil mearbhall ort
Nár shamhlaíomarna fiú nithe

Nach cúis iontais ar bith daoibhse iad.
Ach fágaimis sin mar atá sé,

An ndéanfá gar dom
Ar mhaithe leis “na seanlaethanta”?

An raghfá chuig Tuama Humayun
San áit a mbíodh Deilí tráth

Agus tú ag dreapadh an staighre tosaigh,
Gar don cheathrú céim, tá greanta agam

Ar an mballa cloiche ann ar thaobh na láimhe clé
“Tá grá ag Akhil do Rohit”

Téigh ann le do thoil
Féachaint an bhfuil sé fós ann



Duine d’fhilí aeracha na hIndia é Akhil Katyal.