2017-09-11

Hungry Heart/ Croí ar Bís


Yé!
Seo linn!
Whoa!

Céile is páistí i mBaltimore, Jack
Chuas amach ag marcaíocht is níor thána ar ais
Mar bheadh abhainn is nach bhfuil fhios aici a slí
Do chuaigh mé ar strae, táim ag imeacht de shíor.

Féach gach éinne is a chroí ar bís
Féach gach éinne is a chroí ar bís
Airgead síos agus lean ort ag spraoi
Féach gach éinne is a – a chroí ar bís.
Whoa
Do bhuaileas léi istigh i mbeár
Is thit i ngrá, ní fada a bhíos ar bís
Níorbh fhada go raibh gach aon diabhal rud ar lár:
Táimse ar ais i nDún Laoghaire* arís.

Féach gach éinne is a chroí ar bís
Féach gach éinne is a chroí ar bís
Airgead síos agus lean ort ag spraoi
Féach gach éinne is a – a chroí ar bís.

Lá lá lá lá lá lá
Ó yé
Lá lá lá lá lá lá
Tá gach éinne ag lorg ionad scíth’
Tá tigh ó chuile dhuine faoin ngréin
Is cuma sa sioc cad tá siad á rá
Ní maith le héinne a bheith leis féin
Hé yé hé

Féach gach éinne is a chroí ar bís
Féach gach éinne is a chroí ar bís
Airgead síos agus lean ort ag spraoi
Féach gach éinne is a – a chroí ar bís.
(Féach gach éinne is a chroí ar bís)
Ó yé
(Féach gach éinne is a-) a chroí ar bís
(Airgead síos agus lean ort ag spraoi)
Ó yé
(Féach gach éinne is a chroí ar bís)
Ó yé
Lá lá lá lá lá lá
Ó yé
Lá lá lá lá lá lá
Ó yé
Hmmm
Ó
----------------------
(*Kingstown)