2014-07-05

Ar an lá seo 5 Iúil

Ar an lá seo 5 Iúil, 1882, rugadh Hazrat Inayat Khan
“Níl file ar bith ar domhan nach misteach é. Is misteach é an file i bhfios nó gan fhios dó féin mar ní féidir filíocht a scríobh gan inspioráid agus nuair a theagmhaíonn an file le duibheagán an anama… tugann sé dán leis faoi mar a thugann tumadóir an péarla.”

“Cuireann an fhilíocht rithim anam an fhile in iúl. Bíonn amanna i saol gach duine nuair a bhraitheann an t-anam a rithim féin agus ag amanna mar sin tosaíonn páistí, nach mbaineann iompar gnásúil an tsaoil leo, tosaíonn siad ag rince nó ag úsáid focal a bhfuil rím iontu, nó frásaí atá cosúil lena chéile agus a théann le chéile, á n-aithris arís is arís eile. Is ag amanna mar sin a dhúisíonn an t-anam. D’fhéadfadh anam duine dúiseacht níos minice ná anam duine eile ach i saol gach duine bíonn dúiseacht mar sin ann agus an t-anam a bhfuil an bua aige smaointe agus idéanna a chur in iúl, is minic an bua sin á léiriú i bhfilíocht aige.

I measc nithe luachmhara uile an tsaoil seo níl aon ní níos luachmhaire ná an focal. Mar faightear solas san fhocal nach bhfuil ag geam ná seoid; d’fhéadfadh an oiread sin beochta a bheith i bhfocal go bhféadfadh sé goin chléibh a leigheas. Filíocht mar sin a chuireann an t-anam in iúl tá sí chomh beo leis an daonnaí féin. An bua is mó a d’fhéadfadh Dia a bhronnadh orainn ná binneas cainte agus an fhilíocht, agus ní haon áibhéil é sin; mar i gceann na haimsire déantar bua na fáidheadóireachta de bhua na filíochta . . .

Níl amhras ná go bhfuil fíor-fhilíocht ann agus filíocht bhréige, faoi mar atá fíor-cheol ann agus ceol bréige. D’fhéadfadh duine a bhfuil scata focal agus frásaí ar eolas aige iad a chur le chéile agus eagar meicniúil a chur orthu, ach ní filíocht é sin. An fhilíocht, an ealaín nó an ceol, caithfidh siad an bheatha a chur in iúl; agus ní bheidh siad in ann an bheatha a chur in iúl mura dtagann siad ón gcuisle is doimhne san anam; mura ndéantar amhlaidh is marbh atáid. Tá véarsaí againn ó mháistrí móra a thagann anuas chugainn ó thréimhsí éagsúla agus sheasadar in aghaidh ghaoth bhorb a millte; níor tháinig aois orthu. Mhair na focail mar gheall ar an mbeatha a cuireadh iontu. Na crainn is faide a mhaireann is doimhne a gcuid fréamhacha agus is amhlaidh i gcás véarsaí beo. Léimid iad faoi mar a fhéachaimid ar na crainn, ach dá mbeadh ar ár gcumas fréamhacha na véarsaí sin a fheiceáil, d’aimseoimis san anam iad.

Cén rud a dhúisíonn an t-anam chun na rithime sin a chruthaíonn an fhilíocht? Rud éigin is ea é a théann i bhfeidhm ar an gclaonadh sin atá san fhile ar a dtugtar an grá.”