2014-07-19

Ar an lá seo 19 Iúil

Ar an lá seo 19 Iúil, 1893, rugadh Vladimir Mayakovsky
Bhí cuid den dán seo san aguisín a bhí lena nóta féinmharaithe:

Tar Éis a hAon a Chlog


Tar éis a haon a chlog. Taoi imithe chun suain ní foláir.
Bealach na Bó Finne ina shruth airgid tríd an oíche go léir.
Níl aon deabhadh orm; ní gá dom tú a dhúiseacht
Ná cur isteach ort le sreangscéalta tintrí.
Agus, mar a deirtear, tá an eachtra thart.

Bhuail bád an ghrá in aghaidh thiaráil an lae.
Táimid beirt cúiteach anois. Cén fáth mar sin
Ár mbuairt araon, ár bpianta is ár gcréachtaí a mheá?
Féach, a leithéid de shuaimhneas a thiteann ar an saol.
An spéir corntha ag an oíche le hómós ó na réaltaí.
Ag móimintí mar seo, sheasfá chun labhairt
Leis na haoiseanna, leis an stair agus leis an gcruinne go léir.