2014-07-14

Ar an lá seo 14 Iúil

Ar an 14 Iúil, 1912, rugadh Woody Guthrie

Is leatsa an tír seo

Is leatsa an tír seo is liomsa an tír seo
Ó Rinn Ó gCuanach siar go Ciarraí
Ó Oileáin Árann go Geataí Stormont
Linne go léir is ea an tír.

Ar bharr Chruach Phádraig i lár na hoíche
Do chuala scéal mór i mbéal na gaoithe
Is ní raibh ann ach seacht bhfocal díreach:
Linne go léir is ea an tír!

Is mé ag siúl liom go Baile Átha Cliath
Ba chasta an bóthar ’bhí ann dar fia:
Do thugas léim mhór thar shruth is altán
Linne go léir is ea an tír.

Do chuas an bealach ar fad go Teamhair
Is beag nár chuas-sa as mo mheabhair:
Tá léirscrios déanta ar shean-Éirinn
Linne go léir is ea an tír.

Os comhair na Dála do sheasas tamall
Ghabh Teachta tharam is é ina ghamal:
‘Dia dhuit’, ar mé leis, ‘Hello!’ ar seisean
Linne go léir is ea an tír.

Do chuas ag rith as sin im’ ghósta
Sa deireadh bhaineas amach an cósta
Bhí slua romham ann is iad go deorach –
Linne go léir is ea an tír.

Is leatsa an tír seo is liomsa an tír seo
Ó Rinn Ó gCuanach siar go Ciarraí
Ó Oileáin Árann go Geataí Stormont
Linne go léir is ea an tír!